Co-option to the Medical Scientists Registration Board
CORU oversees several Registration Boards, each dedicated to a specific profession. Each Registration Board consists of 13 members, including a majority of lay members to ensure objectivity and public interest. These boards play a vital role in the protection of the public by managing the registration process for their respective professions, recognising qualifications obtained outside the State, and approving education and training programs necessary for professional entry. Through these mechanisms, CORU and the Registration Boards work diligently to ensure that professionals meet the required standards, thereby safeguarding public health and safety.
As part of the Health and Social Care Professionals Act 2005, when a casual vacancy arises, Registration Boards can co-opt to fill a vacancy with a person who would be eligible under that section to be elected for appointment as a member of that Board and the Minister shall appoint that person to fill the vacancy. This option applies to members of the profession only and not lay members of the Board.
The Medical Scientists Registration Board is inviting expressions of interest from suitably qualified and experienced Practice Managers in a Senior Medical Scientist role who are interested in being appointed to sit on the Medical Scientists Registration Board.
Requirements:
- Be in a practice management position in a senior Medical Scientist role.
- 7 years of experience in a management role.
- Medical Scientist CORU-Registration
- Experience of the Irish healthcare system
Further details about the role are available in the booklet.
Submitting your application:
- Curriculum Vitae
- Cover letter
- Statement of employment confirming your current role
Please submit the required documents by email to appointments@coru.ie no later than 3:00pm on Friday, 23 February 2026. Applications received by CORU after the deadline date and time will not be accepted.
Members are appointed to the Medical Scientists Registration Board for a period of four years and may be eligible for reappointment through elections up to four years, to a maximum of eight years in total.
Comhthoghadh chuig Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine
Déanann CORU maoirseacht ar roinnt Boird Chlárúcháin, agus gach ceann acu sonraithe do ghairm ar leith. Tá 13 chomhalta ar gach Bord Clárúcháin, lena n-áirítear tromlach comhaltaí tuata le hoibiachtúlacht agus leas an phobail a chinntiú. Tá ról ríthábhachtach ag na boird sin leis an bpobal a chosaint tríd an bpróiseas clárúcháin dá ngairmeacha faoi seach a bhainistiú, aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí a fuarthas taobh amuigh den Stát, agus cláir oideachais agus oiliúna a bhfuil gá leo le haghaidh iontrála gairmiúla a cheadú. Tríd na sásraí sin, oibríonn CORU agus na Boird Chlárúcháin go dícheallach lena chinntiú go gcomhlíonann gairmithe na caighdeáin riachtanacha, agus ar an gcaoi sin sláinte agus sábháilteacht an phobail a chosaint.
Mar chuid den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005, nuair a thagann folúntas ócáideach chun cinn, féadfaidh Boird Chlárúcháin comhthoghadh chun folúntas a líonadh le duine a bheadh incháilithe faoin alt sin le bheith tofa lena cheapadh mar chomhalta den Bhord sin agus ceapfaidh an tAire an duine sin leis an bhfolúntas sin a líonadh. Baineann an rogha sin le daoine den ghairm amháin agus ní le comhaltaí tuata den Bhord.
Tá Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine ag lorg léirithe spéise ó Bhainisteoirí Cleachtais atá cáilithe agus a bhfuil taithí chuí acu i ról Eolaí Míochaine Sinsearach agus ar spéis leo a bheith ceaptha le bheith ar Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine.
Riachtanais:
- A bheith i bpost bainistíochta cleachtais i ról mar Eolaí Míochaine sinsearach.
- 7 mbliana de thaithí i ról bainistíochta.
- Clárúchán CORU mar Eolaí Míochaine
- Taithí ar chóras cúram sláinte na hÉireann
Tá tuilleadh sonraí faoin ról ar fáil sa leabhrán.
D’iarratas a chur isteach:
- Curriculum Vitae
- Litir chumhdaigh
- Ráiteas fostaíochta ina ndeimhnítear do ról reatha
Seol na doiciméid riachtanacha tríd an ríomhphost chuig appointments@coru.ie tráth nach déanaí ná 3:00pm Dé hAoine, 23 Feabhra 2026. Ní ghlacfar le hiarratais a gheobhaidh CORU tar éis an spriocama.
Ceaptar comhaltaí chuig Bord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine ar feadh tréimhse ceithre bliana agus féadfaidh siad a bheith incháilithe le bheith athcheaptha trí thoghcháin ar feadh suas le ceithre bliana, suas le huasmhéid ocht mbliana ar an iomlán.
